Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 262
- XML “Na hÉin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgartha ó na chéile is iad a' glaodhach amach go han árd beidh báisteach ann, agus má thagann an chuach go moch sa bhliadhain beidh aimsear bhreagh ann.
Tá clúimh dearg ag an spideoig agus seo i an chaoi a fuair sí í. Bhí sí ag iarraidh na deilgnacha a phiocadh as Ceann Íosa Críost agus thuit braon den fhuil Naomhtha síos ar a brollach agus tá dath dearg air ó shoin. Deirtear freisin go raibh fear leath marbh tráth agus go raibh an teine múchta agus go dtáinig an spideoigín agus go dtug sí iarracht fé'n teine a adúghadh le na sgiatháin agus gur dhóigh sí a brollach. Sin é an fáth go bhfuil sí uirthi.Nuair a bhí na leanbhaí óga marbh sa choill chlúduigh an téan sin le duilleóga na gcrann iad.
Bíonn éan bheag in éinfeacht leis an gcuaich i gcomhnuidhe chun luighe ar na huibheacha go dtí go dtagann na gearrcaigh óga amach.Rí na n-Éan seadh an dreoilín agus lá le Stiopháin téighean sgata buachaillí amach le dreoilín mharbh agus téigheann siad ó theach go teach. Bailigheann siad airgead agus bíonn féasta aca.Déineann an préacán a nead i gcrann árd agus an Mag freisin. As caonach, cré agus giotaí de na crainnte a dhéineann siad iad. Fuaireas é sin ó m'atáir.
Aodh Mac Siordan
An Charraig,
Gleann-Gaibhleann- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Siordan
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin