Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)den bheirt ceann de na clocha uaidh. Annsin séard a rinne sí ná na naoi gclocha eile a chaitheamh go dtí an duine a bhí ar an dtaobh eile den duine tinn (in a gceann is in a gceann) agus le na linn sin bhí air - In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh - a rádh trí huaire.Uaireannta eile bhíodh uisge aca as Loch a Chaoch gar de shráidbhaile Keadue. Bhíodh ar an duine naoi buidéil a thabhairt leis i gcóir na coise tinne agus braon as gach aon bhuidéal díobh a chur air. Bhíodh ar an té an tuisge a thógáil roimh éirghe na gréine nó roimh dul fé dí.
Tinneas Croidhe.Cupán de mhin coirce a chur don croidh agus an fhaid a bhéadh an chroidhe ag dul i láidre bhíodh an mhin sa chupán a' dul síos, Annsin rinneadh cáca beag de'n mhin a bhí fágtha sa chupán agus bhí ar an duine tinn an cháca seo a ithe.
Clámh nó Aicíd na nGearb. (Scurvy)Ar na capaill is ar na ba a bhíodh an clámh. Bhí dhá shaghas de an mange agus scurvy. Bhíodh leigheas ag na sean-daoine do ghalar seo. Paidreachaa éigin a bhí aca agus níl sé ceaduighthe iad a innist d'éinne.Tá leigheas eile do'n ghalar seo freisin. As uisge beatha agus rusg crainn éicint atá sé déanta: Óltar braon beag de trí huaire sa ló agus leigheasann seo an clámh.
Tinneas FiachaillSeo paidir a bhíos le rádh ag an duine go bhfuil an tinneas fiacaill air agus leigheasann sé é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Siordan
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Moneensauran, Co. an Chabháin