Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 272
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá alán liosanna in mo cheanntar. Tá trí cinn i mbaile Corraglas, trí cinn i Moneensauran, ceann i gCornmaclean, ceann i nGarvolt agus dhá ceann eile i gCarraig. Níl siad cruinn. Ní fhéadfá dul isteach in aon ceann díobh ach bhí puill ionnta fadó ach taid imthighthe anois mar bíonn na ba a' siubhal ortha.
Ní dheachaidh éinne síos in aon lios ach is minic a chuala mé na sean daoine a cur síos ar duine a chuaidh leis na sideóga.Deireann na sean daoine gurbh iad na Lochlannaigh a thóg na liosanna in aimsear cogaidh chun iad féin a chosaint ar a náimhde agus deireann daoine eile gur sideóga a bhí ann. Dubhairt m'athair liom nuair a bhíodh cogadh ar siubhal go mbíodh teine mhór lasta ar lios amháin, idtreo go bhféadfadh na daoine ins na dúnta eile é d'feicéal. Annsin bhíodh fhios aca go raibh siad i gcontabhairt. Ní ceart bachaint leis na dúin mar is iomdha sgéal a dinnis na sean daoine fé sin - Nuair a bhí an séipéal in Dooballaigh a thógaint fuair na sao clocha ar dún a bhí gár dóibh. Annsin gach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin