Scoil: St Theresa's, Coachford (uimhir rolla 14022)

Suíomh:
Cluain Téide Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Timothy Forde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0345, Leathanach 172

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0345, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: St Theresa's, Coachford
  2. XML Leathanach 172
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Do chomhnuig fear i gCill-Mhichíl (in-aice Magcromta) gur bh'ainm do Stiophna na Bréide...

    Do chomhnuig fear i gCill-Mhichíl (in-aice Magcromta) gur bh’ainm do Stiophna na Bréide. Bhí buachaill aimsire aige go nglaodtaoi Concubar Bán air. Bhí filideacht ag Stiophna agus bhí beagan di ag Stiophna leis. Bhí cailin aimsire ag Stiophna gur b’ainm di Sile bhat. Do bhuail tinneas cinn bean Stiophna agus ni raibh sí ábalta eirige ar maidin cun na mbo a chrudadh. Bhí bo aige gur bh’ainm di “Smólac Mhór” agus ní leog fad sí d’aoinne i do chrudadh act an maigistreás fein. Is gnathac gur amuigh a crudhtai beitidhigh an uair sin. D’eirig an cailin cun na mbeithideac do chrudadh agus ‘sí an “Smolac Mhór” an cead bhó a thug sí faoi. D’iompuig an bhó uirthi agus do rit an cailin agus an bhó na diaidh. Do rainig go raibh Stiophna tar eis eirighthe agus do connaic se ag rith on doras í agus an bhó na diaidh. Do dhein se deithneas i chosaint ón mbuin do bhí Concubar ag romhar ar agáidh an doruis sa clós.
    Tráthnóna an lae Ceadna do sín Stiophna le h-ais na teine faid is do bhí na prataí á mbeiriughadh agus do chan se mar leanas :-
    Ar mhaibin indiu ar mh’eirighe dom
    is me ag amharc ar an spéir
    Ce chidhfinn cugham an stuaic an deas
    Ac an bhean dob’ culne sgéimh
    Agus mhile luth ‘ci isglaodh
    Agus Smolac mhór na diaidh ar drag
    Le Fainne Geal an Lae.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadg Ó Murcadha
    Inscne
    Fireann