Scoil: St Theresa's, Coachford (uimhir rolla 14022)

Suíomh:
Cluain Téide Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Timothy Forde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0345, Leathanach 169

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0345, Leathanach 169

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: St Theresa's, Coachford
  2. XML Leathanach 169
  3. XML “Comhairle an tSeanduine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear criona ag dul cun báis agus bhí aon mhac amháin aige gan pósadh. Bhí an mac san ag suirighe le beirt bán. Baintreac a b’ead bean aca agus bhí stoc is stor is oll mhaitheas aici agus a clann tógtha aici. Cailin óg da thamhail a b’eadh an bhean eile na’ raibh spre na faghal thas aici.
    Ba mhaith leis an mac comhairle a atar do bheith aige sar a bfaghfadh an t-atair bás agus do chuir se an ceist cuige mar seo :-
    Ta dís bhan ag sior- cur buartha im ceann
    Ta ba caoirig ag mnaoi aca cruacha is clann
    Ta dhá ros mhin ag mnaoi aca na gcuaca leabhair
    ‘Sa a dhaoine, an fhios díbh ciaca is snuachar ann.
    Do labhair fear na leaptha mar leanas
    A mhic a chroidhe istig, má bhionn do snuachar ann
    Leig-se díot an crion- bean do tóg a clann
    Cuir do chroide ins mnaoi na gcuaca leabhair
    Go bfuil a dá ros mín mar fhír- uisge fhuar i ngleann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadg Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann