Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)
- Suíomh:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhíodh sprid á feiscint thuas ansan ar Bhóthar na Réidhe fádó agus aoinne a ghabhadh an treó istoidhche do chuireadh sí ceist cuige. Ni bhíodh freagra na ceiste ag aoinne agus nuair ná bhíodh do gheibidís ana sgeimhle uaithe agus deirtear gur marbhuigheadh sí daoine.
Fé dheire do ghaibh fear an treó oidhche agus do chuir sí an ceist cuige. Sí seo an ceist:- "Coinneal agus Coinnleóir ann agus cuir-sé leath-rann lé sinn. Tug sé an feargra seo uirthi:-
An cuileann do bhainfí um Samhain
Do chuirfeadh sé ceann ar thigh"
Do chuir sí an ceist cuige an tarna uair agus do fuair sí an freagra so uaidh:-
"Muileann idir dá abhainn
Is é ag silead thall's i bhfus"
Do chuir sí an ceist cuige an triomhadh uair agus do fuair sí an freagra(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó Liátháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Neill Bean Uí Ceallacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leac Fhínín, Co. Chorcaí