Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)

Suíomh:
Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 084

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 084

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúl an Bhuacaigh
  2. XML Leathanach 084
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí cailín ann fadó. Catoiliceac a b'eadh í. Cuaidh sé ag obair go tíghe áirithe agus Protastúnaig ab'ead muinntir an tíghe. Caithfeadh sí feoil do bheiriúghadh gac aon Aoine dóibh. Do glaoidhtá Seán de Barra ar duine des na feararbh agus thug sé fé ndearna ná h-itheadh an cailín feóil aon Aoine agus d'fhiafruigh[?] sé di cad na thaobh agus dubhairt sí. Ní itheann Caitiliceac feoil aon Aoine ar son an Maighdean Muire. "Deanfadh sa trosgadh gac aon Aoine eile" arsa Seán agus cómh mhait do dhein agus tar-éis aon Aoine do coiméad do cailleadh é.
    Nuair a bhí sé a' tóramh ar an mbórd d'eirig sé suas cun na daoine agus do scréad sé amac.
    I
    Céad moladh le Muire már do dheineas an Aoine
    Mar do bheadh mo cuid fola ina srúthaibh am tímceall
    Do bhead mo cuid feóla ina smóla ciáraibh
    Is do bheinn go deo deo in Ifrinn thíos ann
    2
    Nuair do cuadhas féin go geataí na bhFlaitheas
    Táinig cugham Giústís na Lúdaí geala
    D'fiafruigh sé díom cad do deineas ó bhíos am leanbh
    No ar bé sin an t-annam Séan de Barra
    3
    Táinig an Maighdean Glórmhar na aice
    Is do leig sí í féin ar a dhá glúin geala
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Loinnsig
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Rathúnach Thoir, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ó Loinnsig
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Rathúnach Thoir, Co. Chorcaí