Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)
- Suíomh:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caisleán Mághcromtha. Ní fios ciuca muintir Floinn nó na Cáthraig do dhein é ar dtúis sa trímhadh aois. Do dheisigh Tadhg Mac Cáthraig é sa bhlian 1565. D'ionnsaig Sir Charles Willmot é sa bhlian 1602. Bhí Cormac Mac Diarmuid an séamhadh Iarla Muscraidhe na bpríosúnac i gCorcaigh agus dealuig sé as an bpríosún. Tháinig eagla ar Carew go dtiocfadh Cormac aniar adtuaidh ar Willmot agus thug sé órdúgadh do eirighe as an ionnsaighe. Nuair d'airig na Gaedhil a bhí istig sa Caisleán go raibh Willmot ag imtheacht do chuireadar feasta mór ar siubhal istig sa Caislean. An oidhche sar a raibh sé cun imtheacht do mharbhuigheadar muc. Ní raibh aon uisce aca cun í sgóladh agus do lasadar beart tuighe cun an fionnadh do dhóig di. Thóg an caisleán teine. Ní raibh aon uisce aca cun an teine do mhúcadh agus caitheadar rith as an caisleán. Do chuir Willmot cath ortha agus do buadhaig sé. Cuaidh sé isteach sa caisleán ansan agus do mhúc sé an teine. Dóghadh airís é sa bhlian 1641. Dhein na Cáthraig suas é, dhá cur ceárnógca seasca troigh ar aoirde agus tigh mór eadtora. Tháinig Brocaill sa bhlian 1650. Bhí cath idir é féin agus Dáithí de Rósla agus do bhí an buadh ag Brocaill agus tógadh an t-Easbog mac Aodhgáin na Príosúnac. Thóg Brocaill an caisleán le feall ach tháinig sé thar nais i seilbh na gCártac taréis tamaill. Taréis na bliadhna 1691(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhuimhneacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muimhneacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí