Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)

Suíomh:
Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 045

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 045

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúl an Bhuacaigh
  2. XML Leathanach 045
  3. XML “Seancheirdeanna - Sníomh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cionnas olann do chárdáil:-
    Geobhainn bacalla olna ar an úrlár agus gheobhainn íle olna agus do chrothfainn anuas uirthe é agus do thairiceóchainn trí na chéile é chun an íle a chur tríd an olainn le'm láimh.
    Ansan gheobhainn dhá cárda, do bhearfainn ar lán mo dhorainn de'n olainn agus do thaireóchainn an olann tríd an cárda a bheadh am láimh clé.
    Nuair a bheadh fiacla an cárda lán de'n olainn agam do bhearfainn ar an gcárda eile im láimh dheis.
    Ansan do chimileóchainn síos agus suas le chéile é chun go mbeadh an olainn cárduighthe agam.
    Ansan do dheanfainn rolla de'n mhéid sin a bheadh ar an gcárda agam. Do bheadh reithlé deanta agam.
    Nuair a bheadh mórán reithléaca deanta agam do gheobhainn tuairinn sníomh. Do chuirfinn an fearsad isteach sa tromán agus do chuirfinn an sreang ó'n dtromán do dtí an roth.
    Gheobhainn mo reithlé ansan agus do bheinn ag sníomh liom go dtí go mbeadh an fearsad lán.
    Do thógainn amach í sin agus chuirfinn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. sníomh agus fí (~482)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Domhnall Ó Connaill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Cáit Bean Uí Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na hUláin Thoir, Co. Chorcaí