Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)

Suíomh:
Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 038

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 038

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúl an Bhuacaigh
  2. XML Leathanach 038
  3. XML “Daoine Cáiliúla - Fear Reatha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ina cómhnuidhe i gCloch Eidhne fadó darbh ainm dó Tadg ó Murcadha agus ní raibh aoinne sa pharóiste cómh maith cun reatha ná é. Nuair a bhíodh rás ag scata fear ní bhíodh an buadh ag aoinne ach ag Tadg. Chuir sé geall le fear eile go rithfeadh sé é agus bhí páirc áirithe beartuighthe aca i gcóir an ráis.
    Bhí tosac ar an bfear eile ar Tadhg agus do shocruigh sé ina aigne cun rud eigin a dheanamh cun an buadh a beith aige féin. Do thóg sé fear eile leis go dtí draoi agus dubhairt sé leis an ndraoi an fear d'iompáil ina seangán agus do dhein. Chuaidh an fear agus an seangán thar-nais go dtí an páirc agus dubhairt an fear leis an seangán nuair a bheadh Tadhg ag rith miteóg a thabhairt dó a leagfadh é.
    Bhí Tadhg ag feitheamn leis an bhfear istig sa pháirc ach nuair a chonnaic sé an seangán níor dhein sé aon iongnadh de. Do thosnuigh an rás ansan agus do léim an seangán cun cois Thaidhg ach bhí Tadhg ró cliste doíbh. Nuair a chonnaic sé é ag deanamh air chuir sé a chos anuas air agus do mhairbh sé é agus bhí buaidthe aige airís.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Loinnsig
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Rathúnach Thoir, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ó Loinnsig
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Rathúnach Thoir, Co. Chorcaí