Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)

Suíomh:
Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúl an Bhuacaigh
  2. XML Leathanach 009
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa tseana shaoghal do théigheadh sglabhuidhthe síos amac ag baint prataí ar feadh cúpla mí.
    Bhí sglabhuighe thíar i gCúil Aodha go dtugaidís Micil na Pinse air. Do bhailig sé leis maidean de Satharainn agus thug sé aghaidh ar Sráid a Mhuilinn. Sin é an bóthar a thógaidís muinntir Baile Múirne nuair a bhídís ag sul síos amac. Nuair a bhí sé ag dul síos Céim Carraige áit atá tímcheall trí míle ar an dtaobh sa de Sráid a Mhuilinn do bhuail fear uime ar an mbóthar agus a bhalcaisí Domhnaigh air. Bhí sé féin agus Micil ag caint le céile agus sa chaint dóibh dubhairt an fear go raibh sé ag dul fé dhéin tóraimh an duine críona a bhí taréis bháis d'fhághail sa bhaile ba giorra dhóibh Baile na Tóna.
    "Muise" arsa Micil raghas-sa ann leis. Do sháithigh sé a ráinn agus pé balcaisí a bhí aige isteach i gclaidhe aitinn i bhfolach. Nuair a chuaidh sé isteach go tigh an tóraimh dubhairt sé a phadaireacha agus do ghoil sé greas. Luig sé air bheith ag gol ar aon chuma. Fuair sé taoscán fuisci agus annsan a shuipéar agus bhí gac aoinne ag deanamh dúracht do'n stroinséar fan na h-oidhche mar ana chuileachta a b'eadh é. Nuair a bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Amhlaoibh Ó Muimhneacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Amhlaoibh Ó Muimhneacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí