Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)
- Suíomh:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl an Bhuacaigh
- XML Leathanach 005
- XML “An Lios”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá lios mór suidhte i Lios-a-Chraosaig, baile atá i bparóiste Chluain Droichid. Níl sé abhfad ó mo thig
Tá sé níos aoirde ná an talamh atá na thimcheall.
Tá lios beag timcheall cead slat ó'n lios mór agus deirtear go bhfuil bóthar ag rith fé an dtalamh ó'n lios mór go dtí an lios beag. Tá cloch istigh sa lios mór agus tá ógham scríghte sa cloch agus ní feadfadh éinne an brígh atá leis do deanamh amach. mar tá sé ró sheannda. Do tháinig daoine ó Mhaghcromtha agus ó áiteanna eile ag feuchaint air.
Deirtear go dtagadh bó bhán amach ó'n lios mór fadó agus ná fhanadh sí amuigh ach cúpla neomat agus go ritheadh sí isteach airís.
Do tháinig ceathrar fear fadó. Do thosnuigh síad ag déanamh poill agus tháinig síad go seomra mór agus stop siad ansan.- Bailitheoir
- Eibhlis Ní Rioghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cúil an Chraosaigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Conchubhur Ó Rioghbhardáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cúil an Chraosaigh, Co. Chorcaí