Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)

Suíomh:
Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 022

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 022

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúl an Bhuacaigh
  2. XML Leathanach 022
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí ríg ann fadó agus bhí dárdéag de ingineacha bréagtha aige. Bhídís ag éalód amac gac aon oidhce uaidh agus theip air d'fhághail amac cá mbídís ar feadh na h-oidhche. Do chuir sé amac gairm-scoile an té a gheobhadh amach cá mbídís geobadh sé rogha do na cailíní le pósadh no dá dtheipeadh air bainfí an ceann de.
    Bhí mórán de uaisle óga ag teact cun na cailíní d'aire agus teipeadh ortha go léir d'fhághail amac cá mbídís ag dul. San am san tháinig saighdúir an treo agus d'innis sé sgéal an rí do bhean feasa. Thug sí clóicín draoidheacta dó agus nuair a cuireadh sé an clóicín mórtimceall air ní feicfeadh aoinne é.
    Chuaidh sé go dtí palas an rí cun gnó na cailíní d'fhághail amac. Do gáireadar uime agus dubhradar le céile "Is gearr go mbeadh a cheann so againn leis. Cuaidh sé a codhladh i seomra in aice na cailíní agus i lár na h-oidhche d'airigh sé na cailíní ag eirighe.
    Do léim sé ina shuidhe agus do chuir sé a clóicín mórtímceall air agus dho rith sé ina ndiaidh amac an doras. Do bhí cóisce ansan ag feitheamh leo agus fir óga cun iad a thabhairt cun a dthigthe feín. Bhí an seana-saighdhiúr taobh leo ach ní fheaceadar in aon cor é toisc a clóicín draoidheacta a bheith air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0306: The Danced‑out Shoes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Loinnsigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Rathúnach Thoir, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ó Loinnsigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Rathúnach Thoir, Co. Chorcaí