Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 0560

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 0560

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 0560
  3. XML “An Fear Bocht agus A Bhean”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear 'na chómhnuighe imBaile Mhúirne fadó agus bhí sé ana bhocht. Do bhí sé pósta le bean dar a b'ainm Síle agus ní bhíodh aon teine acu mar do bhíodar ró bhocht chun an mhóin do cheannach agus ní raibh aon talamh in-aon-chor acu féinig.
    Ní raibh an tig a bhí acu ró mhaith leis agus do thagadh an sneachta agus an fhearthainn go léir isteach sa tig chúcha. Oidhche amháin do tháinig an fhearthainn isteach sa leabaidh chúcha agus do bhí an bhean ag olagón mar do bhí sí ag crith leis an bfuacht agus bhí sí go léir fluich agus bhí an leabaidh fluich leis.
    Nuair a tháinig an mhaidean do bhí sí ag casachtaig agus do bhí sí ana bhreóite ar fad. Níor eirig an bhean in-aon-chor an lá san agus tar-éis trí lá do fuair sí bás. Do bhí an fear bocht [?]ana
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chéilleachair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Cáit Bean Uí Seitheacháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    85