Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair tímpal céad bliain ó shoin agus do bhí sé na chómhnuighe i gCúm-na-cloiche. Do théigheadh sé ag sgoruidheacht gach oidhche agus ní raibh aon eagla air roimis na bpúcaí ná aon rud.
Oidhche amháin do chuaidh sé ag sgoruidheact agus ní raibh sé ábaltha ar theacht abhaile in-aon-cor gheall leis do bhí sé chómh dhorcha san agus do bhí sé ana dhéanach san oidhce leis tímpal a dó dheug a chlog nó mar sin.
Do bhí sé ag teacht ana mhall ar fad mar ní fhéadfhadh sé pioc d'fheisgint. Sa deire d'airig sé an fothram go léir ag teacht 'na dhiaidh agus d'féach sé na thímpal agus do chonnaic sé na daoine go léir ag teacht na dhiaidh agus córtha á iompar acu. Nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85