Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear bocht 'na chómhnuighe i gCúil-Aodha fadó agus do bhí sé pósta le bean dar a b'ainm do Shiobhán mhór. Ní raibh aon airgead in-aon-chor acu agus do théigheadh an fear bocht amach ag obair do's na daoine agus ní raibh sé chómh maith chuige sin leis mas do bhí sé ró lag.
Oidhche amháin do chuaidh sé ag sgoruidheacht agus d'fhan sé amuigh ana
dhéanach an oidhche sin mar do bhí sé ró dhorca chun teacht abhaile.
Ansan nuair a thosnuig sé chun teacht do bhí sé tímpal a h-aon a chlog san oidhche agus do bhí eagla ar an bfear mbocht roimis na bpúcaí.
Do bhí a thig féin tímpeall dhá mhíle ó'n dtig ina raibh sé ag sgoruidheacht agus ní raibh a fhios aige chonus a thiocfhadh sé abhaile bhí sé chómh dhorcha san. Do chomáin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Com an Ghadhair, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85