School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí bean bocht ann uair agus do bhí sí pósta agus do bhíodh sí i gcómhnuidhe ag cháimhseáil mar gheall ar an aimsir a bhí ann agus go raibh na rudaí a cheanneóchadh sí ró dhaor ar fad.
Do bhí mac amháin aice agus ní leigfheadh sí do'n mac dul ag sgoruidheacht aon oidhche ach do choimeádadh sí istig é chun aire do thabhairt [?]de'n tig agus do théigheadh sí féin amach chun sgéala d'fagháil.
Do bhíodh alán fhir ag sgoruidheacht sa tig sin gach oidhche agus níor thaithn sé leis na fir in-aon-chor nuair a chídís ag teacht í.
Oidhche amháin do chuaidh sí ag sgoruidheacht agus nuair a bhí sí ag teacht abhaile do bhí sé ana dhéanach tímpal a dó dheug a chlog nó mar sin.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Chéilleachair
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Gender
- Female
- Age
- 85