Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí seana-fear ann fadó agus do bhí sé 'na chómhnuighe i gCúm-[?]na cloiche.
Lá amháin do bhí aonach i Sráid-a-Mhuilinn agus chuaidh an t-seana-fear go dtí an t-aonach le capall agus truchaill lán do bhanbaí chun iad do dhíol.
Do bhí cuid maith de'n lá chaithte sar ar dhíol an t-seana-fhear na banbhaí agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile do bhí sé ana dhéanach san oidhche agus do bhí sé a h-aon-déag a chlog nó níos mó nuair a shrois sé a thig féin.
Nuair a bhí sé tagaithe a leath de'n t-slíghe do chuimhnig sé go mbeadh na púcaí amuigh an oidhche sin mar go raibh sé ró dhéanach chun bheith amuigh.
Nuair a tháinig sé go dtí áit ar a ghlaodhtí Béal-a-Mháma do stad an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Com an Ghadhair, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann