Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 0558

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 0558

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 0558
  3. XML “An Fear Dubh agus na Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann tímpeall triocha mbliadhain ó shoin agus théigheadh sé ag sgoruidheacht gach oidhche.
    Aon oidhche amháin do chuaidh sé ag sgoruidheacht agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile do chasadh fear árd dubh air. Dubhairt sé leis gan dul abhaile in-aon - chor mar go marbhóchadh a bhean é toisg bheith amuigh chómh déanach.
    Chuaidh sé abhaile agus d'fhiafruig a bhean de chad a choimeád amuigh chómh déanach é agus dubhairt sé go rabhadar ag imirt cártaí é féin agus féar a tíghe.
    Ansan dubhairt sí leis dá bhfanfadh sé amuigh chómh déanach aon oidhche eile ná leighfeadh sí isteach in-aonchor é. An oidhche na dhiaidh sin do chuaidh sé a sgoruidheacht agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile do chasadh an fear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chéilleachair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Cáit Bean Uí Seitheacháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    85