Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair agus isé an ainm a bhí air ná Seán mór. Do bhí sé pósta agus bhíodar ana shaidhbhir ar dtúis ar feadh sé mbliadhain nó mar sin ach ansan do fuair a bhean bás agus d'fág sé a chuid thailimh agus d'ól sé a chuid airgid go léir agus do bhíod se ar meisge gach lá.
Ansan d'imthig sé na bhacach ar fad agus do théigheadh sé mór-thímpal go dtí na tighthe ag lorg déirce gach lá mar bacach.
Lá amháin do bhí sé ag gabháil tímpeal agus do chuaidh sé suas go dtí Cúm-na-chloiche agus do cheap sé go bfaghadh sé lóistín na h-oidhche ansan ach ná bfuair.
Ansan do tháinig sé go dtí Cúm-a-Ghadhair agus do chuaidh sé isteach ingach tig acu ach ní bfuair sé aon lóistín. Do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Com an Ghadhair, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85