School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 242
- XML “An Giorria ag Crú na Bó”
- XML “An Giorria Eile”
- XML “Giorria Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Bhí giorrfiadh thiar i nÁrd na Cloiche tamall o shion, agus ní fheadfadh aon duine é do mharbú. Do bhíod an fear seo Cléirig na Chomhnuidhe ann agus bhí sé í gcómhnuidhe in a dhiad. Bhí na buachaillí i ndiadh an ghiorrfiad tráthnóna Domhnaigh go léir agus d'eirig sí an-tuirseach. Do chuaidh sí isteach sa tor uathu agus do chailleadar é. Do chonnaic Cléirig é dul isteach uatha. Níor déinnis dóibh in aon chor é agus thánig sé féin ag do mharbh sé é. Bhí sé ag seancuidheacht le duine éigin go tuit an oidhche agus nuair a bhí sé ag dul abhaile agus an giorrfiadh na láimh aige, do mhothuig sé rud éigin ag utamáil ar a chóta. Do chas sé síar agus ní bhfeadhfadh sé aon rud d'feiscint. Ba ghéaur gur sgiobadh an giorrfiadh as a láimh agus chuireadh isteach píosa de sean-ghiobal.
- Bhí m-athair agus Crothúr O [Luasaigh?] ag foláireach lá tamall o shion thiair i gCeapac na bPoll fé agus do ghoin sé é go h-olc. Ní rabhadar i bhfad a thig [Ceócáin?] agus do rith an giorrfiadh isteach ann. Ní raibh ach doras amháin sa tigh agus bhí sé ar oscailt agus bhí na(continues on next page)