Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 150
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Biadh na Sean-aimsire
Ba bhlasta agus ba folláin an biadh a bhíodh ag muinntir na hÉireann sa t-sean aimsir.
Ba h-annamh a bhíodh orra rud do éannacht mar bhíodh sé dá gcuid féin aca níos falláine na mar bhíodh sa siopa. Trí béile sa ló a bíodh aca agus bhíodar go breág láidir leis sin. Cáca min choirce a bhiodh aca agus ólaidís cupán baine leis sin. Nuair tagadh am dinnéir bhíodh fataí bruithte no cailigh aca agus leite i gcomhair suipeir. San t-am seo den bhliadhain nuair bhídís ag baint na fataí bhíodh leath-comaire fataí bainte ag fear a'tighe roimh a bricfeasta agus nuair bhíodh deifir orra imbun na h-oibre [?] déanadís na faraí do roscadh amuigh san gort.
Bhiad na fataí an biadh is tabhachtaighe bhíodh aca. Nuair bhíodh béile aca shuidheadh na daoine fásta isteach ar an mbord agus suídheadh an muirín thar an pota fataí agus d'ithidís mar sin ar a shaimí[?] sogha. Is beag feoil a bhíodh aca an tam ud agus má bhí feoil ar bith aca b'é muc feoil é óir do bhíodh muca aca agus anois is arist b'fhéidir go marbhuighead daoine muca mar deanann siad anois...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sighle Ní Threinnseach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Feadh Mór, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádhraic hEalaidhe
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65