Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 091
- XML “Maistreadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomda nós a bhíodh ag na sean-daoine le maistreadh do dhéanamh agus tá cuid dé na nósanna sin beó fós.
Ar dús gheobhadh bean a 'tighe an chuinnéog agus d'fhágadh sí é i lár an urláir annsin gheobhadh cos leuithne, clár agus claibín.
Annsin chuireadh sí pota mór dé uisge bruithte isteach san gcuinneóig agus bhíodh sgúab bheag aice agus sgóladh sí an chuinnéog istigh is amuigh gur bhíodh sé chomh glan le bioran nuadh.
Nuair a bhíodh sin déanta aice chaithead sí an uisge amach as isteach i mbáisín nó áit eile a bhíodh aice.
Annsin gheobhadh sí an chos luithne an clár agus an claibín agus níghead sí iad chomh maith ceadna.
Annsin bhíodh sí reidh leis an maistreadh a dhéanamh.
Gheobhadh sí an bainne ramhar annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Toláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc an Earraigh, Co. Mhaigh Eo