Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 079
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá páirceanna agus gortanna ag mó athair agus tá ainm ar gach ceann diobh. Tá garrdha beag aige agus an t-ainm atá air Garrdha Eoin fúair sé an t-ainm sin ó fhear bhocht a bhí in a chomhnuidhe i mbhothán beag i ngár don garrdha agus núair fúair sé bás thug ná daoine a ainm do'n gharrdha.
Tá páirc mhór aige ar chúl an tighe agus tugtar claidhe sgeich air mar tá sgeiche beaga ag fás thart timcheall air. Bhí fear in a chomhnuidhe i mó bhaile fadó agus thug sé an t-ainm sin dó agus sin é an t-ainm atá iar faoí láthair.
Tá páirc eile aige agus tugtar an crocán dubh air. Chuala mé sean fhear a rádh go raibh fear dubh lé feiceál ann blianta ó shion agus sé sin an fáth a bhfuil an t-ainm sin air.- Bailitheoir
- Sorcha Ní Fhathaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Átha Mhíl, Co. Mhaigh Eo