Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 043
- XML “Fear Cáiliúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear CaileámhailBhí fear i mbaile na Stócach fadó agus ní fheadfadh lé duine ar bith é sharthugadh ag imirth cardaí. Gheobadh sé a lán airgid gach oidhche agus sa deireadh bhí sé ina fear saidhbhir agus bhíod sé ingach áit ar fud na tíre ag imirt agus ag búadh gach uair.
Bhí sé a' teacht abhaile oidhche amhain tar éis é a bheith ag imirth cardaí ar feadh na h-oidhche. Tháinig sé treasná na páirce agus chonnaich sé solas mór i gcoirnéal na páirce agus dubhairt sé go rachfadh sé chomh fada leis go bhfeicfheadh sé cé bhí ann an tamh sin d'en oidhche.
Nuair shroich sé an áit chonnaich sé bord beag agus dhá chathaoir agus lampa mór i lár an bhuird.
Bhí fear mór ina shuidhe ar cheann dé na chathaoir agus díarr sé ar an bhfear chluiche cardaí a beith aige.
Shuidhe sé ag an mbord agus thosuigheadar beirt ag imirt ar a ndicheall.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghéad Ní Róiste
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Stócach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Rachtúire
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Stócach, Co. Mhaigh Eo