School: Log Buidhe (roll number 15539)
- Location:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Seán de Crúis
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Log Buidhe
- XML Page 202
- XML “Maistreadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is minic a bhíos maistreadh lé deanamh ag na mná agus bíonn go leor sean nósanna aca air.
Nuair bhíos maistreadh lé déanamh ag bean a' tighe, gheibheann sí an chuinneog, an chos luithnem an cláir, agus an claibín.
Bíonn pota uisge te aici agus nigheann sí an chuinneoig go glan lé scuab beag. Caitheann sí an t-uisge té amach annsin agus glanann sí an chuinneoig arís lé uisge fuar. Geibheann sí na rudaí eile, agus nigheann sí íad chomh maith. In a dhiaidh sin cuireann sí an bainne reamhar sa gcuinneoig.
Cuireann sí an cos luithne isteach ann agus cuireann sí an clár anuas ar bhéal na cuinneoige, agus an claibín anuas ar an gclár.(continues on next page)- Collector
- Seosaimhín Ní Flaitle
- Gender
- Female
- Address
- Corr na Ceárta, Co. Mhaigh Eo
- Informant
- Sean Cháit Ní Céirín
- Gender
- Female
- Address
- Corr na Ceárta, Co. Mhaigh Eo