Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)

Suíomh:
An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán de Crúis
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 077

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 077

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Log Buidhe
  2. XML Leathanach 077
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Túairim is céad bliadhain ó shoin bhí an droch-shaoghal sa tír seo, agus is maith an rud é nach dtáinig sé ó shoin.
    Chuir na féilméirí na barraí agus d’fasádar go maith ar feadh tamaill acht dona go leór níor tháinig an aimsear féileamhnach dóbhtha agus chinn orra fás.
    Ní bheadh greim lé nithe ag na Gaodhal ar feadh na bliadna mearach muinntir Americá.
    Do ghabhadar trúagh leó agus chuireadar long chuig an tír seó agus í luchtuighthe lé cruithneacht acht bhí na Sasanaigh ag Liverpool roimpí agus ghlacadar an cruithneacht dóibh féin.
    Chuireadar aran dubh in a áit agus d’fágadar na Gaodhal i gcruadh-chas.
    Níl fhios ag na daoine fá láthair cé mar d’éirigh leó ádbhar barraí fhághail lé cur an bhliadhain dár gcionn. Chuala mé m’athair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Chuinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Chillín, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máirtin Mongáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    28
    Seoladh
    Cluain Fada, Co. Ros Comáin