Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)

Suíomh:
An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán de Crúis
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Log Buidhe
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “Fear Cáiliúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí daoine cáileamhala i mbaile sa gainn fadó agus cuala mé sgéal faoí ceann acha.
    Fear mór láidir a bhí ann bhí sé indhon rith chómh tapaidh le girrfhiadh agus do léimfeadh sé balla no claidhe deich troighthe ináirde agus ní raibh duine ar bith eile san mbaile. é a dheanamh.
    Chonnaic mo shean-athair é ag caithe [?] cloich mór agus cuir sé cead' troighte uaidh agus dubhairt se go bféaradh sé cúigh punt do ghear ar bith a gcaithfeadh an cloc céad troigh. Thosugh na fir ag caitheadh acht de theip orra.
    Do nachfad sé imarchuigheacht an capall ar bith san mbaile. Chonnaic sé capall ó agus bhí crosta chuaidh an fhear imarcuigheacht air thosuigh sí ag léimnidh agus leagadh é agus briseadh a lamh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mártan Machuidhir
    Inscne
    Fireann