School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean na comhnaidhe i gCill-an-Dísirt fadó riamh. Ní riabh an baile annsan mar atá sé anois. Ní riabh ach tighthe beaga ann agus cinn tuighe ortha. Ba ghnath leis an mnaoi sin bheith ag obair go mall san oidhche go mór-mhór oidhche Sathairn. Bhí sí sa chistin aon oidhche ag deanamh iarnála ar eadach a cuid leanbhaí. Bhí a fear céile agus an líon tighe go léir imthighthe a chodladh. Níor mhothuigh sí an t-am ag dul thairiste go raibh sé ag deanamh ar uair an mheadhon oidhche.Do bhuail duine ag an ndoras. Ní riabh fhios aici go raibh sé chomh mall san oidhche agus do cheap sí gur duine des na comharsaibh abhí ann agus d'oscail sí é gan mhoill. Do tháinig stróinséar isteach agus do bhuail sé chun na teine. Bhí sórt tighe osta ag an mnaoi sin agus níor chuir sí mórán suime ar an cúirteóir ach d'imthigh si chun a cuid oibre do chríochnughadh.Nuair d'fheach sí chun na teine arís is beag no gur thuit sí na laige. Bhí atharú mór tagtha ar an bhfear abhí ann. Bhí culaidh donn ann anois fé mar bheadh ar sagart naomhtha. Do ghlac eagla di agus do ghlaoidh sí os árd
"In ainm Dé fág an tigh siu". D'imthigh sé gan focal a labhairt Do rith sí go dtí an seómra codalta agus do dhúisigh si a fear céile. Bhí sé díreach ar leath uair tar éis(continues on next page)- Informant
- Bean Uí
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Killadysert, Co. Clare