School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0265
- XML “An Triúr Iníon”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thacht sé í. Annsin chuaidh sí chuig tobar le deoch a ól acht d'athruigh an gadhairín é go fuil agus níor fhéad sí é a ól. Le tuitim na h-oidhche chonnaic sí solas beag i bhfad uaithe agus ní i ngar dá sróin. D'imthigh léithe an boithrín caol, casta, aimhréidhteach a raibh clocha glasa dromacha agus gairbhéal géar gáibhtheach garbh-thaobhach mar brat air ag déanamh ar an solas. I gcionn achar uaire shaoráideach, tháinic sí ar thig an t-solais agus bhuail sí cnap cruaidh druim-láimhe ar an doras. D'fhosgail bean an tighe agus d'fhiafruigh cé a bhí ann. D'fhreagair an cailín agus dubhairt, - "Cailín bocht ag iarraidh aimsire agus lóistín na h-oidhche."
"Is tú a theastuigheas uaim" ar sise. "Tiubhraidh mé giní dhuit acht an seomra i mbarr an tighe a chumhdach." "Déanfaidh sin," adeir an cailín. Annsin leagadh chuile shaghas bídh chuice ar fhaitcíos go mbeadh ocras ná tart uirthe. Ar maidin nuair a chuaidh bean-an-tighe isteach sa seomra fuair sí an cailín tuitthe as a seasamh agus í caillte.
Nuair a bhí lá is bliadhain thart, dubhairt an dara h-inghin ins an mbaile, "Tá sé lá is bliadhain anois ó d'imthigh mo deirbhfiúr agus tá sé chomh maith dhom-sa imtheacht freisin." "Déanfaidh sin' adeir an mháthair, "tabhair leat an bodhrán agus tabhair leat an méid uisge ón tobar agus a dhéanfas an cáca mór agus mo mhallacht agus an cáca beag agus mo bheannacht." Thug an inghin ar ais an t-uisge agus rinne an mháthair na cácaí. Nuair a bhíodar bruidhte, d'fhiafruigh an mháthair den inghean,(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Cor na Rón, Co. Galway