Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0265

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0265

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0265
  3. XML “An Triúr Iníon”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thacht sé í. Annsin chuaidh sí chuig tobar le deoch a ól acht d'athruigh an gadhairín é go fuil agus níor fhéad sí é a ól. Le tuitim na h-oidhche chonnaic sí solas beag i bhfad uaithe agus ní i ngar dá sróin. D'imthigh léithe an boithrín caol, casta, aimhréidhteach a raibh clocha glasa dromacha agus gairbhéal géar gáibhtheach garbh-thaobhach mar brat air ag déanamh ar an solas. I gcionn achar uaire shaoráideach, tháinic sí ar thig an t-solais agus bhuail sí cnap cruaidh druim-láimhe ar an doras. D'fhosgail bean an tighe agus d'fhiafruigh cé a bhí ann. D'fhreagair an cailín agus dubhairt, - "Cailín bocht ag iarraidh aimsire agus lóistín na h-oidhche."
    "Is tú a theastuigheas uaim" ar sise. "Tiubhraidh mé giní dhuit acht an seomra i mbarr an tighe a chumhdach." "Déanfaidh sin," adeir an cailín. Annsin leagadh chuile shaghas bídh chuice ar fhaitcíos go mbeadh ocras ná tart uirthe. Ar maidin nuair a chuaidh bean-an-tighe isteach sa seomra fuair sí an cailín tuitthe as a seasamh agus í caillte.
    Nuair a bhí lá is bliadhain thart, dubhairt an dara h-inghin ins an mbaile, "Tá sé lá is bliadhain anois ó d'imthigh mo deirbhfiúr agus tá sé chomh maith dhom-sa imtheacht freisin." "Déanfaidh sin' adeir an mháthair, "tabhair leat an bodhrán agus tabhair leat an méid uisge ón tobar agus a dhéanfas an cáca mór agus mo mhallacht agus an cáca beag agus mo bheannacht." Thug an inghin ar ais an t-uisge agus rinne an mháthair na cácaí. Nuair a bhíodar bruidhte, d'fhiafruigh an mháthair den inghean,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    AT0480: The Spinning‑Women by the Spring. The Kind and the Unkind Girls.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Cor na Rón, Co. na Gaillimhe