School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus bean fadó ann agus ní raibh aca acht aon pháiste amháin. Bhí an-chion aca air. Ní rachadh siad chuig an Aifreann acht 'chaon dara Domhnach leis an cion a bhí aca air agus ní itheadh an t-athair a bhéile gan an páiste a bheith aige. Domhnach a bhí ann agus bhí an t-athair ag an Aifreann agus d'fhan an mháthair san mbaile ag tabhairt aire do'n pháiste. Nuair a bhí an t-athair imthighthe tháinig bean isteach agus cé a bhí ann acht an diabhal. Dubhairt sé léithi - "Teirigh amach ag an Aifreann agus béarfaidh mise aire do'n pháiste nó go dtiocfaidh tú ar ais," "bean mhaith a dhéanfadh é," arsa bean an pháiste agus amach léithi ag an Aifreann. Nuair a tháinig sí ar ais ní bhfuair sí bean na páiste roimpe.
Thosuigh sí ag cuartughadh agus fuair sí cnámha an pháiste san teineadh. Thóig sí iad agus chuir sí faoi'n bpluid iad. Ní rinneadh sí acht an dinnéar a réidhteach dá fear agus sul má thosuigh sé ag ithe d'fhiafruigh sé dhá bhean cé raibh an páiste agus dubhairt sise go raibh sé i na chodhladh. "Ó," arsa an fear, "caithfidh mé an páiste a fhághail." Bhí sé ag dul suas san(continues on next page)- Collector
- Stiophán Ó Conaire
- Gender
- Male
- Informant
- Brighid Ní Mháille
- Gender
- Female
- Age
- 30
- Address
- Cor na Rón, Co. Galway