Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0252

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0252
  3. XML “Cathú an Diabhail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear agus bean fadó ann agus ní raibh aca acht aon pháiste amháin. Bhí an-chion aca air. Ní rachadh siad chuig an Aifreann acht 'chaon dara Domhnach leis an cion a bhí aca air agus ní itheadh an t-athair a bhéile gan an páiste a bheith aige. Domhnach a bhí ann agus bhí an t-athair ag an Aifreann agus d'fhan an mháthair san mbaile ag tabhairt aire do'n pháiste. Nuair a bhí an t-athair imthighthe tháinig bean isteach agus cé a bhí ann acht an diabhal. Dubhairt sé léithi - "Teirigh amach ag an Aifreann agus béarfaidh mise aire do'n pháiste nó go dtiocfaidh tú ar ais," "bean mhaith a dhéanfadh é," arsa bean an pháiste agus amach léithi ag an Aifreann. Nuair a tháinig sí ar ais ní bhfuair sí bean na páiste roimpe.
    Thosuigh sí ag cuartughadh agus fuair sí cnámha an pháiste san teineadh. Thóig sí iad agus chuir sí faoi'n bpluid iad. Ní rinneadh sí acht an dinnéar a réidhteach dá fear agus sul má thosuigh sé ag ithe d'fhiafruigh sé dhá bhean cé raibh an páiste agus dubhairt sise go raibh sé i na chodhladh. "Ó," arsa an fear, "caithfidh mé an páiste a fhághail." Bhí sé ag dul suas san
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Stiophán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Mháille
    Inscne
    Baineann
    Aois
    30
    Seoladh
    Cor na Rón, Co. na Gaillimhe