Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- Suíomh:
- Sliabh na Lice, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Ó Cionnfhaola
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0622, Leathanach 106](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0622%2FCBES_0622_106.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0622, Leathanach 106
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)106
X
Do thugadar dó cupán luaidhe Somlas dragún
agus nimh suidhte,
Is do ghlac Íosa Críost an drochdeoch sin uatha;
Do thóg sé 'na lámh é agus do dhein fíon folláin fuar de,
Míle moladh leis anois agus an uair sin.
X1
Eoin ,a bhráthair is ort-sa atá mo ghárda
Gan mo mháthair a leigint im ghaobhar na páise,
D'airig Muire Mháthair na focail dhá rádh ,agus do dhruid sí isteach measg an Ghárda ,
Agus ba leath sí a dhá láimh tímcheall a ghrádh geal.
X11
"An aithnigheann tú mé ,a Mhic a ghrádh ghil?
'Aithnigim tú a Mhuire ,Mháthair
'Ní aithnighionn Tusa ,a Mhic a ghradh ghil,
Mar is bocht é do chrot le fuil na páise.
Is fada iad na trí bliana déag
ar fichid do chaitheas ar fán leat
I máinséar na n-asalgan leabaidh gan áras
Ach ag teicheadh o sna deamhain mhalluighthe i ngach ubáird leat"
X111
D'aithin na diabhail mhalluithe gurbh í máthair Íosa do bhí ann.
Agus rug gach diabhal acu ar bharra gach géig air.
Do thógadar suas ar an Guailibh go h-Ard É
Agus do bhuaileadar anuas fe clocha na sráide É.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cinnfhaolaidhe
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séumas Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann