Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- Suíomh:
- Sliabh na Lice, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Ó Cionnfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 183
Liosanna.
Tá liosanna go fairsing ins an áit seo.Tá a lan sgéalta againn i dtaobh na liosanna sin.
Tá lios in aice le tig Séamuis Ó Maoil Eoin i Cill Fear Baoithe.Ta scairceanna ag fás ar an ldtaobh amuigh timcheall an leasa agus ar an dtaobh istigh tá falla déanta de clochaibh agus annsan tá poll mór i lár.
Tá sgéal againn idtaobh Domhnaill ó Seasnain i Cill fear baoithe.Deirtear go dtagadh girrfiafh as an lios gach Domhnac fadó agus do bíod éadaigh air cosamail le fear.Do siubhaladh se timcheall scairt atá ag fás in aice an leasa ,agus tar éis tamaill do théigheadh sé tar nais go dtí an lios arís.
Tá lios eile inaice le tigh Mhichil Ui Floinn i Bhaile Bhaiscinn.Lá amháin bhí muinntir Floinn ag teacht ón ngháirdín go dtí an dinnéar agus connacadar scata cailíní(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tOileán, Co. an Chláir