Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- Suíomh:
- Sliabh na Lice, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Ó Cionnfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 104
Laoi an Pháise(Ni fios cé dhein).
1 .Do chuir qn t-Athar siorriadhe do bhí ins an flaitihis
Scéalta go dtí a Aonmhactrácht an Pháis do glacadh
Labhairt go humhail go rachadh go tapaidh
Dha bhfaigheadh Sé beannacht a Athair a bhí ins an Flaithis.
11
Do chuir sé air na seacht míle 'aistear
Dul ins an n-garrdha go dtí sna n-aspail,
Agus do shil Sé na deora troma fola,
D'fhonn an cine dhaonna a thabhairt saor ó pheacaidh.
111
Éirigí 'nbhúr suidhe agus bígí 'nbhúr seasaimh
Ní baoghal liom gur deinbhear an codladh fada
Ta gárda ionnsaidhe ag teacht 'nbhur n-aice
agus Giúdas romhpa fear ar mbraithte
1V
D'eirigheadar 'na suidhe agus bhíodar 'na seasamh,
Agus do shuidheaddar sios ar bhínnsibh glasa.
D'Íosa Críost dob fhíor an phaidir,
Do tháinig Giúdas an rud dob annamh.
V
Do thug sé do an phóg ,Bhí sin an phóg braideach breagach
a thug Giúdas d'Íosa
Is ní ór a fuair sé ar saon a bhraithte
Ach samhnú siorraidhe ar feadh a bheathad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cinnfhaolaidhe
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séumas Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann