Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)théighidis ag deanamh turasanna go dtí na toibreacha beannuithe seo bhainidís a mbróga díobh agus níghidís a gcosa.Fadó bhí fear ina chomhnuidhe ins an áit seo Litir Ui Cheallaig agus do bhí leanbh aige agus ní raibh aon cainnt aige ríamh. An lá seo thug a athair agus a mháthair go dtí tobar Leictín é agus chonnaic sé bhreac agus tháinig a chainnt dhó.
- Ní thagann an aois is an óige le chéile.
Chuir do shrón romhat agus geobhfaidh tú eolas.
Is feárr an cú a bhíonn sa tsiubhal ná an cú bhíonn i luibh
Luigh leis éan agus eirig leis an t-úan.
Is maith an fear an fonn.
Bean gan aprúin tá sí ar nós bó gan earball.
Muna ndeineann tú íarrácht ní bheidh an bhuadh agat.
Bhí úil des na daoine atá ós do cinn agus ní bheidh tóir ortha ort.
Is feárr an fhírinne ná saidhbhreas.
An rud a oireann de'n ganndal oireann sé den gé freisin.
Muna oireann an caipín duit ná caith é.(leanann ar an chéad leathanach eile)