Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Forghleann, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 487

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 487

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 487
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ann. Bhí ceól agus rinnce agus gach sagas spórt aca.
    D'fhág sé an rinnce am eigin san oidhche agus thug a aghaidh ar a bhaile féin; thuit sé tinn ach do leigheas sagart darbh ainm an t-Athair O Loonsigh[?] é agus do mhair sé tamaill maith tar éis sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí muilneóir ann i n-allóid agus cé go raibh sé luighte cúramach doicheallach bhí sé go h-ana bhocht ar fad. Do theip air an oiread a shaothrú is a dhíolfadh cíos an mhuilleain do. Bé Seán Barún an tighearna talmhan agus nuar a bhiodh fearg air, ní fhéadfadh aoinne labhairt leis. Chuaidh sé ag fiadhach lá acht níor eirigh leis aon rud a mharbhú. D'fhill sé abhaile le tuitim na h-oidhche agus é tuirseach, tnáite feargach. Agus go mí-ádhmharach chonnaic sé bó dubh an muilneóra agus do chaith sé urchair lei agus do mharbh sé í.
    Rith bean na muilneóra agus chonnaic sí an bó bocht sínte agus do bhéic sí amach go truaghmheallach le neart brón, briseadh croidhe agus dóighleás. Bhí an muilneóir freisin cráidhte acht cad dob fhéidir leis a dheunadh? Níor dhubhairt se oiread is focal acht in a aigne féin do shocruigh sé ar díoghaltas a bhaint amach. Do thoil sé ar an croiceann a dhíol lá ar na bháireach.
    D'imthigh sé go dtí an margadh istoidhche
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Teanga
    Gaeilge