Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
- XML Leathanach 488
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i dtreó is go mbeadh sé ann i n-am ar maidin. Bhí ar dul tre coill tuig[?] dorcha agus tháinig scannradh air agus é istigh i lár na coille. Do cheap sé go h-obann go raibh dream bitheamhnaigh san gcoill, go raibh sé i gconntabhairt agus ná raibh aon arm aige chun é féin a chosaint ortha. Suas leis i gcrann mór agus dubhairt leis féin go bhfanfadh sé ann nú go nglanfadh an lá.
Fé dheire tháinig na bitheamhnaigh amach, stadadar ag bun an chrainn in a raibh an muilneóir, suidheadar mor thimcheall chun na creiche a bhí aca a roinnt. Chonnaic an muilneóir ó leas soluis a bhí ó'n leanntéar a bhí aca cófra mór a bhí lán suas de clochaibh luachmara, d'ór agus airgead. Thosnuigheadar ag bruigheann lena chéile feuchaint cé is mo don gcreach a bheadh aige féin.
"Dá mbeadh beagánín den chiste sin agam féin do bheinn saidhbhir i gcaitheamh mo shaoghal ars an muillneóir. Leis sin do chaith sé croiceann na bó duibhe anuas ar na bitheamhnuigh gan cuimhne aca leis. Nuar chonnaiceadar an ceann mór agus na h-adharca agus an croiceann dubh annuas cuca ó'n spéir, chreid siad gurb é a diabhal féin a bhí chuca, agus ritheadar comh mear is bhí sé in a gcosaibh, ag fágaint an t-saidhbhreas luachmara na ndiadh. "Há, há" ars an(leanann ar an chéad leathanach eile)