Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
- XML Leathanach 478
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíonn daoine ag dul ar turas agus má castar aon mág amháín ortha, deirtear ná beidh an t-ádh ortha i rith an lae sin ach má castar dhá mhag ortha deirtear go mbeidh an t-ádh leo.Deirtear freisin nách ceart bill a dhíol an ceud Luain do'n bhliadhain, ar a tugtar "Hansel Monday" ach gur cheart féiríní a thabhairt do leanbh an lá sin.An ceud buicéad uisge a thógann daoine isteach maidin Bealtainne ba cheart cuid de a chuir suas i dtaisge i gcomhar na bliadhna.Ní maith le daoine smeachaidí a thógaint ó tigh Dia Luain, ná lár ar bith dá mbeadh cuigeann dhá dheunamh san tigh; ní leigfaidhe dhuit é thógaint leat an t-am seo.Deirtear má bhriseann tu sgáthán ná beidh an t-ádh leat ar feadh seacht mbliadhna.An t-airgead a bheadh agat tar éis pósadh rud eigin de cheannac agus é a chuir suas i dtaisge ar feadh do shaoghalNí maith le daoine an coileach a chloisint ag gloadhach san oidhche.Nuar atá duine ag dul go dtí an tarbh le buinn ní maith leo bean le sgath-(leanann ar an chéad leathanach eile)