School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 478

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 478

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 478
  3. XML “Pisreoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhíonn daoine ag dul ar turas agus má castar aon mág amháín ortha, deirtear ná beidh an t-ádh ortha i rith an lae sin ach má castar dhá mhag ortha deirtear go mbeidh an t-ádh leo.
    Deirtear freisin nách ceart bill a dhíol an ceud Luain do'n bhliadhain, ar a tugtar "Hansel Monday" ach gur cheart féiríní a thabhairt do leanbh an lá sin.
    An ceud buicéad uisge a thógann daoine isteach maidin Bealtainne ba cheart cuid de a chuir suas i dtaisge i gcomhar na bliadhna.
    Ní maith le daoine smeachaidí a thógaint ó tigh Dia Luain, ná lár ar bith dá mbeadh cuigeann dhá dheunamh san tigh; ní leigfaidhe dhuit é thógaint leat an t-am seo.
    Deirtear má bhriseann tu sgáthán ná beidh an t-ádh leat ar feadh seacht mbliadhna.
    An t-airgead a bheadh agat tar éis pósadh rud eigin de cheannac agus é a chuir suas i dtaisge ar feadh do shaoghal
    Ní maith le daoine an coileach a chloisint ag gloadhach san oidhche.
    Nuar atá duine ag dul go dtí an tarbh le buinn ní maith leo bean le sgath-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish