Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)oinseach bean gan pósadhNuair a chloistéar mar geall ar bhas duine deirtear "His day was slept"."Tá a lán daoghal ort"
The Devil's children have the devil's luck
Is mó sóirt duine ag DiaDeirtear nuair nach bhfuil an t-ádh ag duine ag imirt cartaí
"Is mairg a d'imreóchad (?) ortha"Is fearr an troid ná an t-uaigneasBean ag feadghail, is cearc a glaodhach, sin dhá rud nár órduigh CriostIs fear greim mám ná dhá ghreim an-tráth
An té a mbíonn an t-ádh air ní cáillfearr a bhuin
Chuir do shrón romhat agus gheobhfhá eolas
Bíonn blas searbh ar an bhfirinne
Is fearr comhairle le ceannach ná dhá chomhairle in aisge
Ná santuig an bhó is fearr ar an aonach
Ní'l in aon tsórt acht seal
An té is dona do féin is é is fearr dos na comarsanaibh
Is minich a chuaidh an bhuile tar a tuile go dána
An té is mó olann sé is mó dúil ann
An rud a cionn an leanbh sé a ghníonn an leanbh
An rud a bheathóchadh duine, sé a marbhóchadh duine eile
Is é críoch an phoitín an tóin do thuitim asAirgead na n-óinseach a cuireann bróga ar(leanann ar an chéad leathanach eile)