Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gabháil, agus is é dubhairt sé ná, "Slán libh a bhuachaillí, beidh mé libh ámaireach, agus rith sé cómh fada le gCorofín.
Fadó, fadó nuair do bhí na péin dlighthe ar bun in Éirinn, do thuit a lán eachtraí amach mór thimcheall na h-áite seó. Do mharbhuig na Sasanaig na sagarta go léir beagnach, agus níor leigfeadh acht d'aon tsagart amháin bheith le h-aghaidh gach paróiste, Ceann i gCill Fear Buidhe, ceann in Eidneach, ceann i gCill Máille agus ceann i nDúnbeag, agus béighean don cuid eile an áit d'fhágaint ar fad. Acht bíodh sagarta óga ag teacht ó aiteanna eile agus léigeadh siad an t-Aifrinn in áiteanna uaigneacha imeasg na gcnoc. Chaithfeadh na Catiliceach aon capall do bhí acu do dhíol le protastúnach ar £5. Do dhéin na péíndlighthe díoghbháíl do gach duine. Do dheineadar iad bocht agus lag, agus dá bhrígh sin, d'fhágadar an tír. Bhí áit i Sráíd na Cathrach a léigeadh an tsagairt an t-Aifreann. Carraig ghlé (?) ainm na h-áite sin. Gach Domhnach thagadh na daoine go léir ó na h-áiteanna seo, cun an Aifrinn ann, Baile Nua, Touréén, (?) Cillcorcoran, Clochán Mór, Cnoc Breach, Dúnsalach, Cathairúduff, Cnoc Liostrahane (?)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mhathúna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gill Máirtín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir