Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus mar sin de leaghtha ortha. Anuas ar íád go léír bhí campa mhór. Mar bhí ar an sagart dul i bhfolach mar bhí tóír trom ag na saighdiúirí agus na droc fir eile a bhíodh ag creachadh na h-eaglaisí. Nuair a bhíodh an tóírneach sé sin na saighdiurí ag teacht , bhí poll mór doimhin déanta ag na daoine ins na gcarraigeacha mhóra agus áit cun suidhe ann istigh. Agus nuair a ragadh an sagart isteach ann bhí na daoine ábalta é do dhúnadh, agus d'osgailte arís. Leagaidís carraigheacha mhóra taobh amuigh den phuill, agus ní cuireadh na saighdiúrí suim ar bith ar an gcoirnéal ag gabháil thart. Acht theip ar an cleas sin ar deire agus chonnaic na saighdiúirí é lá amháin. Bhíodar ag gabháíl thart agus chonnaiceadar na daoine ghá dhúnadh. Agus bhí ar an sagart dul amach as, agus coimead na daoine na saighdiúirí amach go dtí gur éirig leis bóthar maith ortha de shiubhal cos. Leanadar é agus d'éirigh leis léím thar abhann mhór, agus theip ortha teacht suas leis. Bhí an abha seó inaice le tobar Naomh Sheósamh, agus go minic tugtar Líém an tSagairt air. Leanadar é agus chuireadar an saighdiúr bfearr a bhí achu na dhiaidh agus níor éirigh leis é do(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mhathúna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gill Máirtín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir