Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)

Suíomh:
Letterkelly, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seosamh Mac Dáibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 014
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sagart ag tabhairt seanmóin lá, agus bhí sean bhean ag éisteach leis. Bhí sé ag cainnt mar gheall ar an lá deireannach nuair a thíochfaidh Mícheál Naomhtha. Dubhairt sé go mbéadh cos san bhfairrge aige agus cos eile san dtalamh aige. Ó ambasa arsan sean bhean nach air a bheidh an sgaradh
    Bhí fear ag gabháil an bhóthair lá agus é ag marcuigheacht ar capall bhán. Bhí sé ag gabhail tar tig agus ní raibh sé muinteartha le muinntir an tighe sin. Tháinig bean an tighe amach, agus dubhairt sí , "iarr ar fhear an capaill bháin, cad a leighiseaidh an truch. Sliabh Calláin do bheiriú na meadh dóibh agus seacht droighid éinfeacht leis a dtriuch. Cifear ó'n bhfreagra seo ná raibh mórán maitheamhnas le fagháil ó'n bhfreagra seo, gur díoghaltas bhí fonn air a thabhairt in-ionad leighis.
    Bhí gaduidhe ag gabháil an bhóthair oidhche agus chuala sé guth taobh thiar den bhfalla ghá rádh "clannta clainne. Stad sé, agus chuala sé arís agus arís é. Bhí sé ag eirighe feargach annsan agus dubhairt sé, "Má's mar sin é beireadh gach aoinne a lá leis. (Is cosamhail ó'n bhfreagra seo go raibh an coinsias beagan tiug ins an mbuachaill seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó hÉaghráin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó hÉaghráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    66
    Seoladh
    Boolyduff, Co. an Chláir