School: Carrickerry, Árd-achadh (roll number 11281)

Location:
Carraig Chiarraí, Co. Luimnigh
Teacher:
Caitlín, Bean Uí Chonaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 457

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0487, Page 457

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carrickerry, Árd-achadh
  2. XML Page 457
  3. XML “Ag Déanamh Ime sa Bhaile sa tSeanaimsir”
  4. XML “Sean-Nós Féile Bríde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó ní raibh úactairlann ann agus na n-ionad san seintí an t-ím sa bhaile agus annsan díoltaí ar an margadh é. An úair sin bhí cúpla bí ag gach duine i nGleann-Eas-Dáir agus bailiugheadar úactar na leamhnacta ar feadh na seachtmhaine agus ar an gCéadaoin do dhein gac suine acu feircín d'ime. Annsan sgriobhadar a n-ainmneaca ar na feircíní.
    Nuair a thagadh Diardaoin bhailuighidís go léir isteach i dtig amhain agus cuiridis an t-ím go léir isteach i bfeircín mó agus thómasaidís é. Annsan fo thiomáin duine acu an t-ím go dtí Caisleain Nua Thiar agus díoladh é. Núair a thagadh sé abhaile roinntí lúach na h-ime idir na daoine go raibh a gcuid ime díolta.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Fadó i nEirinn cuaid na daoine amach Oidhche 'le Brighide. Baineadar luachra agus cuireadar lasmuigh de'n tig é. Annsan cuaidh fear an tighe amach agus shiubhal sé uair amhain timcheall an tighe. Thóg sé na luacra de'n talamh agus núair a tháinig sé chun an dorais cuaidh na daoine laistigh ar a nglúainibh agus dubhradh paidreacha ag iarradh coimirche Brighide ar an dtigh agus ar a raibh ann.

    Fuaireas an cúntas so ó m'athair
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Language
    Irish
    Collector
    Nell Ní Scanláin
    Gender
    Female