School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Location:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Page 115
- XML “An tSíbhean”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Agus mise ag cur crích ar a h-anairt di".
Bhí béal an fhir ar leatha le h-alltacht, ach níor chuir sé isteach ar an ngnó. D'imigh sé abhaile agus b'í an chéad cheist a chuir sé ar a mhnaoi ná "Cá bhfuil an anairt? ". D'admhuig an bhean gur thug sí an anairt do mhnaoi éigin a tháinig don tig indé roimis sin, "agus caithfead dul léi amáireach mara mbeidh a h-ainim agam", ar sise.
"Tríopla Trúpla is é a h-ainim a chroidhe", ar seisean.
Tháinig an bhean an lá 'na dhiaidh sin, agus nuair a chonaic bean a' tighe í, dubhairt sí "Dé bheatha - sa a Thríopla Trúpla". Ar cloisint na bhfocal san di, do chaith an bhean eile an anairt uaithi ar an urlár. D'árduigh sí a dhá crobh leig sí scréach uathbhásach aistí, agus d'imigh sí ar nós na gaoithe.- Collector
- Risteárd Ó Motharua
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Dúinín, Co. Chorcaí