Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)

Suíomh:
Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Amhlaoibh Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 451

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 451

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 451
  3. XML “Na Tiarnaí Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear eile thuaidh i nGort-na-Tobraidh. Duine do mhuinntir Murcadha a bead é. Bhí sé go h-iongantach cun reatha. An uair sin bíodh na Tighearnaí Talmhan ag dul go Sasana ag caitheamh airgead mar bhí sé aca go tuig. Bhí fear i Sasana a a bhí go h-iongantach cun reatha. Do cuir Sasanach geall leis an dTighearna Talmhan na feadfhadh aon fhear in Éirinn buadachtaint ar fear reatha Sasana. Do rug an Tíghearna Talmhan Ua Murchadha go Sasana in-einfeacht leis agus bhí Geall mór curtha aige ar a shon. Ní taobh le thaobh a ritheadar in-aon-chor acht feacaint ciacú is giorra a thógfhadh sé ar trí míle do rith. Do thosnuig an Sasanac ag rith roimis Ua Murchadha acht do bhí Ua Murchadha ullamh roimhis agus do bhí ríl agus jig rinncighthe aige sar a raibh an Sasanach ullamh. Ní bfuair Ua Murcadha pioc ó'n dTighearna Talmhan tar éis buadhachtaint ar an Sasanach.
    Tháinig aimsir an cíosa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Liatháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí