Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Tighearnaí Talmhan
Do phós an inghean a bhí ag an dTighearna Talmhan. Deirbhfiúr dob eadh í don Tighearna deirneach. Sé an duine a phós sí ná duine darbh ainm do Brúce agus tamall taréis pósta dóibh do thugadar cuairt ar Bhaile Mhúirne. Nuair a bhíodar ag teacht cóiste ceithre capall glasa a bhí á dtarach agus do fuair na tionóntaithe ordú a bheith thoir ar capaill iallaithe ag Crois a Mon. Nuair a tháinig an beirt dubhradar leó mhárseáil gach trúir rómpa amach. Do bhíodar cómhgarach do Baile Mhúirne agus nuair a thángadar cómh fada le Crois Dhiarmaid leán, do stopadh na capail agus do sguireadh iad agus caith na fir an cóiste do tharach as san go dtí an Muileann. Tá timcheall trí fichid bliain ó thuit san amach.- Bailitheoir
- Amhlaoibh Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Imill, Co. Chorcaí