Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 222

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 222

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 222
  3. XML “An Mactíre Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do comáin sé leis trí cnocaibh agus gleann is sléibhte agus an cailín anáirde ar a dhrom aige. Tháinig sé go gleann agus d'oscail sé trap-door a bhí ann agus chuadar isteach agus bhí tig áluinn istig agus d'iompuig an mactíre é féin na fear. Do cuir sé an cailín fé geasaibh ná fhéadfadh sí aon rud do rádh mar geall ar an nduine a bhí pósta aici agus an áit na raibh sí na cómhnaidhe.
    Tar éis ceithre bliana do thug an athair cuireadh dá ingheanaibh teacht chun dinnéar. Tháinig mná na tíghearnaí agus bhíodar ana compórdach ach dúbhairt an máthair dá mbeadh mo cailín féin agam anois ní bheadh a tuille uaim. An neomat san chonnacadar an mactíre bán ag teacht isteach an clós agus an cailín ar a dhrom aige.
    Bhí áthas mór ar an máthair nuair a chonnaic sí an inghean, d'fhiafhruigh an athair de cá raibh sí agus dubhairt sí ná fhéadfadh sí é fhreagairt. Do thóg an athair a guna anuas ón seilp agus dúbhairt sé lei go lámhachfadh sé í mara neosfadh sí an sgéal do agus do bhí eagla ar an gcailín agus d'innis sí an sgéal do agus rith an mactíre amach an doras ach d'innis sé do ar dtúis dá ngoilfeadh sí go mbeadh a mac ba sine dall, mar bhí trúir clainne aici. Do rith sí amach na dhiaidh, agus bhí sí ag rith go tuitim na h-oidhche agus ansan do shuidh sí síos ar cloch agus go gol sí a dóithín agus tar- éis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Céilleacair
    Inscne
    Baineann